Fáilte chuig staidéar TPJ!

Turais Ghairmiúla Múinteoirí [TPJ] [2024-2030] – Léargais ar eispéiris luathghairme múinteoirí bunscoile, iar-bhunscoile agus breisoideachais sa chéad deich mbliana dá ngairm in Éirinn.

Is staidéar fadaimseartha é Turais Gharimiúla Múinteoirí: An Chéad Deich mBliana (2024-2030) a choimisiúnaigh agus atá á chómhaoiniú ag An Roinn Oideachais agus An Chomhairle Mhúinteoireachta. Déanfaidh sé eispéiris luathghairme múinteoirí a fhiosrú de réir mar a chríochnaíonn siad oideachas tosaigh múinteoirí agus de réir mar a chuireann siad iad féin ar a mboinn sa ghairm.

Is staidéar modhanna measctha fadaimseartha agus luathaithe é TPJ a fhéachann le tuiscint a fháil ar dhinimicí foghlama agus forbartha múinteoirí ón mbliain dheireanach den oideachas tosaigh múinteoirí [OTM] ar aghaidh tríd an gcéad naoi mbliana dá ngairm i seomraí ranga agus scoileanna i gcomhthéacs earnálacha an bhunoideachais, an oideachais iar-bhunscoile agus an bhreisoideachais in Éirinn.

Léigh tuilleadh >

Tá cead eitice don staidéar TPJ á lorg ó Choiste Eitice Taighde an Oideachais agus na nEolaíochtaí Sláinte, OL. Comhlíonann sé an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) de chuid na hEorpa lena gcosnaítear sonraí pearsanta múinteoirí faoi oiliúint, múinteoirí agus príomhoidí scoile agus rannpháirithe taighde eile a bhfuil baint acu leis an staidéar. Is iad an Chomhairle Mhúinteoireachta agus an Roinn Oideachais na comhrialaitheoirí sonraí do TPJ. OL, an ITES, agus CMgS a dhéanfaidh an phróiseáil ar shonraí an staidéir.

Léigh tuilleadh >

 

Maoinitheoirí & Páirtithe leasmhara

Maoinitheoirí Tá an staidéar Turais Ghairmiúla Múinteoirí á chómhaoiniú ag An Chomhairle Mhúinteoireachta agus An Roinn Oideachais ar son Rialtas na hÉireann.

Léigh tuilleadh >

 

Seol ríomhphost chugainn ag tpjstudy@ul.ie

    [/textarea]