Eolas do Mhúinteoirí
Mar a mhínítear sa rannóg Dearadh an Taighde, díríonn an staidéar ar eispéiris múinteoirí bunscoile, iar-bhunscoile agus breisoideachais ar céimithe san oideachas tosaigh múinteoirí iad i 2019 (fochéim agus PME araon), 2022 (fochéim agus PME araon) agus 2026 (fochéim agus PME araon).
Le linn chéim na suirbhéanna, seolfar suirbhé chuig gach múinteoir sna cohóirt thuas, i.e. daonra iomlán gach cohórt. Le linn na n-agallamh, cuirfear sampla ilchineálach múinteoirí faoi agallamh ar bhonn duine le duine agus/nó i ngrúpa fócais (ar líne de ghnáth).
Glac páirt
Más múinteoir tú i gceann de na cohóirt thuas, cinnteoidh do rannpháirtíocht go gcuirfear san áireamh chomh mór agus is féidir DO CHUID eispéireas, tuairimí agus léargas féin sna sonraí a bhaileofar sa trí shruth bailithe sonraí do gach cohórt. Os rud é gur staidéar ar leith é TPJ a sholáthróidh tuiscintí nua ar mar a fhoghlaimíonn agus mar a fhorbraíonn múinteoirí, is ríthábhachtach an ról a bheidh ag léargais rannpháirtithe an staidéir i múnlú beartais agus cleachtais i dtaca le gairm na múinteoireachta sna blianta atá amach romhainn. Ar aon dul le staidéir fhadaimseartha eile in Éirinn ar nós TILDA agus GUI, beidh tionchar nach beag ag an Staidéar TPJ ar bheartas agus ar chleachtas amach anseo.
Dearadh an Taighde
Is staidéar modhanna measctha fadaimseartha agus luathaithe é TPJ a fhéachann le tuiscint a fháil ar dhinimicí foghlama agus forbartha múinteoirí ón mbliain dheireanach den oideachas tosaigh múinteoirí [OTM] ar aghaidh tríd an gcéad naoi mbliana dá ngairm i seomraí ranga agus scoileanna i gcomhthéacs earnálacha an bhunoideachais, an oideachais iar-bhunscoile agus an bhreisoideachais in Éirinn.
Eitic & Cosaint Sonraí
Tá cead eitice don staidéar TPJ á lorg ó Choiste Eitice Taighde an Oideachais agus na nEolaíochtaí Sláinte, OL. Comhlíonann sé an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) de chuid na hEorpa lena gcosnaítear sonraí pearsanta múinteoirí faoi oiliúint, múinteoirí agus príomhoidí scoile agus rannpháirithe taighde eile a bhfuil baint acu leis an staidéar. Is iad an Chomhairle Mhúinteoireachta agus an Roinn Oideachais na comhrialaitheoirí sonraí do TPJ. OL, an ITES, agus CMgS a dhéanfaidh an phróiseáil ar shonraí an staidéir.
Maoinitheoirí & Páirtithe leasmhara
Maoinitheoirí
Tá an staidéar Turais Ghairmiúla Múinteoirí á chómhaoiniú ag An Chomhairle Mhúinteoireachta agus An Roinn Oideachais ar son Rialtas na hÉireann.