Dearadh an Taighde

Is staidéar fadaimseartha Turais Ghairmiúla Múinteoirí a fhiosraíonn na príomhthosca a théann i bhfeidhm ar ghairm múinteoirí sa chéad deich mbliana, idir thosca pearsanta, oideachasúla, gairmiúla agus córasacha.

Cur chuige ildisciplíneach agus modheolaíocht modhanna measctha atá i gceist sa staidéar. Gné lárnach de dhearadh an staidéir is ea an cur chuige teoiriciúil il-leibhéal a chuimsíonn spriocanna, cur i bhfeidhm agus torthaí na bpolasaithe mar aon le taithí saoil na múinteoirí.

Deis úrnua is ea TPJ le tuiscint níos doimhne a fháil ar mar a fhorbraíonn agus mar a ghluaiseann céimithe oideachais tosaigh múinteoirí agus múinteoirí luathghairme laistigh agus lasmuigh den ghairm agus ar mar a théann siad i ngleic le cleachtais, idir chleachtais bhunaithe agus nuálacha.

Tabharfaidh an staidéar léargas ar a samhlaíonn siad don ról atá acu anois agus amach anseo mar mhúinteoirí in earnálacha an bhunoideachais, an oideachais iar-bhunscoile agus an bhreisoideachais, earnálacha gur ag dul i méid i gcónaí a bhíonn a dtionchar ar oideachas, sláinte, torthaí eacnamaíocha agus sóisialta foghlaimeoirí ar feadh a saoil.

Cúig Sprioc Taighde TPJ

Is é príomhchuspóir an staidéir Turais Ghairmiúla Múinteoirí tuiscint a fháil ar thurais ghairmiúla múinteoirí trí na príomhthosca pearsanta, oideachasúla, gairmiúla agus córasacha a shainíonn agus a mhúnlaíonn a ngairmeacha agus a gcleachtais sna blianta tosaigh, mar aon leis an tionchar a bhíonn ag an bhfoghlaim agus ag an bhforbairt ghairmiúil, a fhiosrú.

Dearcthaí, luachanna, creidimh agus luath-thaithí na múinteoirí i leith an teagaisc agus na foghlama a scrúdú

  • Luachanna na múinteoirí agus a ról mar oideachasóirí
  • Beathaisnéisí na múinteoirí agus a dtaithí in Oideachas Tosaigh Múinteoirí (OTM)

  • Roghanna oideolaíochta agus riachtanais bheartais

Braistintí múinteoirí ag tús a ngairme agus páirtithe leasmhara eile maidir lena gcumas freastal ar riachtanais foghlaimeoirí i réimse leathan de chomhthéacsanna scoile a fhiosrú    

  • Riachtanais foghlama múinteoirí
  • Ullmhacht don chleachtas ionchuimsitheach agus comhoibríoch
  • Muinín as a gcumas

Eispéiris luatha múinteoirí san fhoghlaim agus sa ghairm agus iad ag fágáil OTM agus ag dul amach ar na 3 chéim den fhorbairt ghairmiúil a fhiosú

  • Samhlacha éagsúla OTM agus a n-éifeacht
  • Aistrithe idir OTM, Droichead, agus Cosán
  • Taithí ar ábhar curaclaim agus taithí ghairmiúil

Athbhreithniú a dhéanamh ar chumas na gclár OTM, Droichead agus Cosán freagairt do thosaíochtaí náisiúnta agus d’fhorbairtí beartais agus cleachtais

  • Freagairt soláthraithe OTM ar an mbeartas a thuiscint
  • Aitheantas cláir OTM do thosaíochtaí náisiúnta
  • Rannpháirtíocht in Droichead agus Cosán

Machnamh a dhéanamh ar cheisteanna a bhaineann le soláthar, éagsúlacht, agus coinneáil múinteoirí, lena n-áirítear

  • Ról na gclár OTM i gcur chun cinn agus i gcinntiú soláthar múinteoirí don am atá le teacht
  • Ról na gclár OTM i gcur chun cinn na múinteoireachta mar ghairm tharraingteach
  • Éagsúlacht agus ionchuimsiú a mhéadú agus a fheabhsú

Tá cead eitice don staidéar TPJ á lorg ó Choiste Eitice Taighde an Oideachais agus na nEolaíochtaí Sláinte, OL. Comhlíonann sé an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) de chuid na hEorpa lena gcosnaítear sonraí pearsanta múinteoirí faoi oiliúint, múinteoirí agus príomhoidí scoile agus rannpháirithe taighde eile a bhfuil baint acu leis an staidéar. Is iad an Chomhairle Mhúinteoireachta agus an Roinn Oideachais na comhrialaitheoirí sonraí do TPJ. OL, an ITES, agus CMgS a dhéanfaidh an phróiseáil ar shonraí an staidéir.

Léigh tuilleadh >

Maoinitheoirí & Páirtithe leasmhara

Maoinitheoirí

Tá an staidéar Turais Ghairmiúla Múinteoirí á chómhaoiniú ag An Chomhairle Mhúinteoireachta agus An Roinn Oideachais ar son Rialtas na hÉireann.

Léigh tuilleadh >

 

Seol ríomhphost chugainn ag tpjstudy@ul.ie

    [/textarea]