Eolas do thaighdeoirí

Gabhaimíd buíochas leat as suim a léiriú inár sonraí taighde ar Thurais Ghairmiúla Múinteoirí.

Cuirfidh na sonraí ón Staidéar Turais Ghairmiúla Múinteoirí bonn sonraí saibhir agus uathúil ar fáil don phobal taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá foireann TPJ tiomanta do chumas taighde a fhorbairt i dtaca le taithí saoil múinteoirí.

Cuirfear san áireamh i dtacar sonraí an staidéir seo faisnéis anaithnidithe a bhaileofar ó na rannpháirithe thar chéimeanna éagsúla den taighde. Áireofar freagraí ó shuirbhéanna, chomh maith le hagallaimh aonair agus grúpaí fócais. Gheofar toiliú iomlán de réir treoirlínte dochta eitciúla agus na sonraí á mbailiú.

Taighde iarchéime & taighde dochtúireachta

Cuirimid fáilte i gcónaí roimh dhaoine ar spéis leo tabhairt faoi thaighde PhD nó iardhochtúireachta le foireann TPJ. Má tá spéis agat cur le do scileanna taighde nó le d’oiliúint sna réimsí a bhaineann lenár bpríomhthéamaí, déan teagmháil le Bainisteoir an Staidéir Taighde, Genco Guralp

Is staidéar modhanna measctha fadaimseartha agus luathaithe é TPJ a fhéachann le tuiscint a fháil ar dhinimicí foghlama agus forbartha múinteoirí ón mbliain dheireanach den oideachas tosaigh múinteoirí [OTM] ar aghaidh tríd an gcéad naoi mbliana dá ngairm i seomraí ranga agus scoileanna i gcomhthéacs earnálacha an bhunoideachais, an oideachais iar-bhunscoile agus an bhreisoideachais in Éirinn.

Léigh Tuilleadh >

Tá cead eitice don staidéar TPJ á lorg ó Choiste Eitice Taighde an Oideachais agus na nEolaíochtaí Sláinte, OL. Comhlíonann sé an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) de chuid na hEorpa lena gcosnaítear sonraí pearsanta múinteoirí faoi oiliúint, múinteoirí agus príomhoidí scoile agus rannpháirithe taighde eile a bhfuil baint acu leis an staidéar. Is iad an Chomhairle Mhúinteoireachta agus an Roinn Oideachais na comhrialaitheoirí sonraí do TPJ. OL, an ITES, agus CMgS a dhéanfaidh an phróiseáil ar shonraí an staidéir.

Léigh tuilleadh >

 

Maoinitheoirí & Páirtithe leasmhara

Maoinitheoirí

Tá an staidéar Turais Ghairmiúla Múinteoirí á chómhaoiniú ag An Chomhairle Mhúinteoireachta agus An Roinn Oideachais ar son Rialtas na hÉireann.

Léigh tuilleadh >

Seol ríomhphost chugainn ag tpjstudy@ul.ie

    [/textarea]