Eolas do Pháirtithe Leasmhara    

Beidh rannpháirtíocht TPJ le páirtithe leasmhara ina próiseas leanúnach a bheidh ag fás agus ag forbairt le linn an tionscadail taighde fhadaimseartha. Cinntítear rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara sa staidéar TPJ ar bhealaí éagsúla, .i. trí theagmháil le páirtithe leasmhara i réimse an Oideachais do Mhúinteoirí ar fud an chórais, le Painéal Comhairleach Pháirtithe Leasmhara TPJ agus le Painéal Comhairleach Múinteoirí TPJ. Comhlíonfaidh na grúpaí seo na róil chéanna in amanna nó beidh said ag cur lena chéile in amanna eile.

Páirithe Leasmhara uile-chórais i réimse an Oideachais do Mhúinteoirí

Cuirfidh rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara uile-chórais i réimse an Oideachais do Mhúinteoirí léargais luachmhara ar fáil i dtaobh dhinimicí foghlama agus forbartha gairmiúla na múinteoirí. Cuimseoidh a rannpháirtíocht róil chomhairleacháin mar aon le rannpháirtíocht sa taighde. Beidh ról lárnach ag Painéal Comhairleach Pháirtithe Leasmhara TPJ i dtreorú gach céim den staidéar, múnlú straitéisí éifeachtacha cumarsáide go háirithe. Beidh ionchur díreach ag múinteoirí atá sa chéad deich mbliana den ghairm tar éis dóibh Oideachas Tosaigh Múinteoirí (OTM) a chríochnú i bPainéal Comhairleach Múinteoirí TPJ. Déanfaidh an réimse leathan peirspictíochtaí a chuirfear ar fáil a bhuí d’éagsúlacht na rannpháirtithe sna páirtithe leasmhara eolas do TPJ i gcaitheamh shaolré an staidéir.

Is staidéar modhanna measctha fadaimseartha agus luathaithe é TPJ a fhéachann le tuiscint a fháil ar dhinimicí foghlama agus forbartha múinteoirí ón mbliain dheireanach den oideachas tosaigh múinteoirí [OTM] ar aghaidh tríd an gcéad naoi mbliana dá ngairm i seomraí ranga agus scoileanna i gcomhthéacs earnálacha an bhunoideachais, an oideachais iar-bhunscoile agus an bhreisoideachais in Éirinn.

Léigh Tuilleadh >

Tá cead eitice don staidéar TPJ á lorg ó Choiste Eitice Taighde an Oideachais agus na nEolaíochtaí Sláinte, OL. Comhlíonann sé an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) de chuid na hEorpa lena gcosnaítear sonraí pearsanta múinteoirí faoi oiliúint, múinteoirí agus príomhoidí scoile agus rannpháirithe taighde eile a bhfuil baint acu leis an staidéar. Is iad an Chomhairle Mhúinteoireachta agus an Roinn Oideachais na comhrialaitheoirí sonraí do TPJ. OL, an ITES, agus CMgS a dhéanfaidh an phróiseáil ar shonraí an staidéir.

Léigh tuilleadh >

 

Maoinitheoirí & Páirtithe leasmhara

Maoinitheoirí

Tá an staidéar Turais Ghairmiúla Múinteoirí á chómhaoiniú ag An Chomhairle Mhúinteoireachta agus An Roinn Oideachais ar son Rialtas na hÉireann.

Léigh tuilleadh >

Seol ríomhphost chugainn ag tpjstudy@ul.ie

    [/textarea]