Léargais ar eispéiris luathghairme múinteoirí

Turais Gharimiúla Múinteoirí
(TPJ):

Is staidéar modhanna measctha fadaimseartha agus luathaithe é An Chéad Deich mBliana (2024-2030) a fhéachann le tuiscint a fháil ar dhinimicí foghlama agus forbartha múinteoirí ón mbliain dheireanach d’oideachas tosaigh múinteoirí [OTM] ar aghaidh tríd an gcéad naoi mbliana dá ngairm i seomraí ranga agus scoileanna i gcomhthéacs earnálacha an bhunoideachais, an oideachais iar-bhunscoile agus an bhreisoideachais in Éirinn.

Tá an staidéar á chómhaoiniú ag An Chomhairle Mhúinteoireachta agus An Roinn Oideachais agus tá sé á chur i gcrích ag cuibhreannas taighde ina bhfuil taighdeoirí ó Ollscoil Luimnigh (UL), ón Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ITES), agus ó Choláiste Mhuire gan Smál (CMgS).

Gné lárnach de dhearadh an staidéir is ea an cur chuige teoiriciúil il-leibhéal a chuimsíonn spriocanna, cur i bhfeidhm agus torthaí na bpolasaithe mar aon le taithí saoil na múinteoirí. Meastar go mbeidh céimithe ó chláir oideachais tosaigh múinteoirí na mblianta 2019, 2022 agus 2025 fós ag múineadh anonn sna 2060idí.

Maidir le treoirlínte agus caighdeáin oideachais tosaigh múinteoirí, beidh na céimithe seo tar éis clár OTM a dhéanamh bunaithe ar threoirlínte 2011 (OTM fochéime 2019, 2022 agus 2025) nó ar chaighdeáin Céim 2020 (PME 2025 agus OTM fochéime 2026).

Is staidéar modhanna measctha fadaimseartha agus luathaithe é TPJ a fhéachann le tuiscint a fháil ar dhinimicí foghlama agus forbartha múinteoirí ón mbliain dheireanach d’oideachas tosaigh múinteoirí [OTM] ar aghaidh tríd an gcéad naoi mbliana dá ngairm i seomraí ranga agus scoileanna i gcomhthéacs earnálacha an bhunoideachais, an oideachais iar-bhunscoile agus an bhreisoideachais in Éirinn.

Léigh Tuilleadh>

Tá cead eitice don staidéar TPJ á lorg ó
Choiste Eitice Taighde an Oideachais agus na nEolaíochtaí Sláinte, OL.
Comhlíonann sé an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) de chuid na hEorpa lena gcosnaítear sonraí pearsanta múinteoirí faoi oiliúint, múinteoirí agus príomhoidí scoile agus rannpháirithe taighde eile a bhfuil baint acu leis an staidéar.
Is iad an Chomhairle Mhúinteoireachta agus an Roinn Oideachais na comhrialaitheoirí sonraí do TPJ.
OL, an ITES, agus CMgS a dhéanfaidh an phróiseáil ar shonraí an staidéir.

Léigh Tuilleadh>

 

Maoinitheoirí & Páirtithe leasmhara

Funders
Tá an staidéar Turais Ghairmiúla Múinteoirí á chómhaoiniú ag An Chomhairle Mhúinteoireachta agus An Roinn Oideachais ar son Rialtas na hÉireann.

Léigh Tuilleadh>

 

Seol ríomhphost chugainn ag tpjstudy@ul.ie

    [/textarea]