Eitic & Cosaint Sonraí
Tá iarratas eitice TPJ á ullmhú faoi láthair le cur faoi bhráid Choiste Eitice Taighde an Oideachais agus na nEolaíochtaí Sláinte, OL.
Comhlíonann sé an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) de chuid na hEorpa lena gcosnaítear sonraí pearsanta múinteoirí faoi oiliúint, múinteoirí agus príomhoidí scoile agus rannpháirithe taighde eile a bhfuil baint acu leis an staidéar.
Is iad an Chomhairle Mhúinteoireachta agus an Roinn Oideachais na comhrialaitheoirí sonraí do TPJ.

Láimhseálfar an fhaisnéis uile a sholáthróidh rannpháirtithe taighde faoi rún daingean agus ní úsáidfear í ach chun críocha taighde.
Ní bheidh aon rannpháirtí aonair ná institiúd inaitheanta in aon tuairisciú a dhéanfar ar thorthaí an staidéir.
Dearadh an Taighde
Is staidéar modhanna measctha fadaimseartha agus luathaithe é TPJ a fhéachann le tuiscint a fháil ar dhinimicí foghlama agus forbartha múinteoirí ón mbliain dheireanach den oideachas tosaigh múinteoirí [OTM] ar aghaidh tríd an gcéad naoi mbliana dá ngairm i seomraí ranga agus scoileanna i gcomhthéacs earnálacha an bhunoideachais, an oideachais iar-bhunscoile agus an bhreisoideachais in Éirinn.

Maoinitheoirí & Páirtithe leasmhara
Maoinitheoirí
Tá an staidéar Turais Ghairmiúla Múinteoirí á chómhaoiniú ag An Chomhairle Mhúinteoireachta agus An Roinn Oideachais ar son Rialtas na hÉireann.
