D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD agus an Chomhairle Mhúinteoireachta staidéar taighde suntasach ar theagasc in Éirinn

new-img
D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD agus an Chomhairle Mhúinteoireachta inniu (02 Aibreán) go bhfuil tús curtha le tionscadal taighde cinniúnach ar theagasc in Éirinn a bhfuil sé mar aidhm aige a chinntiú go bhfuil an tús is fearr is féidir ag múinteoirí lena ngairmeacha beatha. Turais Ghairmiúla Múinteoirí: An Chéad Deich mBliana  is tionscadal taighde fadama é atá comhchoimisiúnaithe ag an Roinn Oideachais agus ag an gComhairle Mhúinteoireachta. Déanfaidh sé eispéiris luathghairme na múinteoirí a fhiosrú, de réir mar a chríochnaíonn siad oideachas tosaigh múinteoirí agus de réir mar a chuireann siad iad féin ar a mboinn sa ghairm. Ag rith a fhad le 2030 ar chostas iomlán de €2.8 milliún (CBL san áireamh), is taighde an-suntasach é seo a bheidh mar bhonn eolais agus a dhéanfaidh beartas a mhúnlú i raon réimsí, oideachas tosaigh múinteoirí, ionduchtú sa ghairm agus luathfhorbairt ghairmiúil san áireamh. Cuimseoidh sé iarchéimithe múinteoireachta bunscoile, iar-bhunscoile agus breisoideachais ó ranganna 2019, 2022, 2025 agus 2026, chomh maith le príomhpháirtithe leasmhara eile. Déanfaidh cuibhreannas an taighde ar a mbeidh Ollscoil Luimnigh (OL) an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ITES) agus Coláiste Mhuire gan Smál (CMgS), faoi cheannas an Ollaimh Paul Conway ó Ollscoil Luimnigh, an Ollaimh Emer Smyth ón ITES agus an Ollaimh Aisling Leavy ó Choláiste Mhuire gan Smál. Léigh an t-alt iomlán anseo.

Seol ríomhphost chugainn ag tpjstudy@ul.ie

    [/textarea]